Ar maidin inniu, 1/11/24, ghreamaigh Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (AMLCT) bratach mhór ag fiafraí “Cá bhfuil an Ghaeilge?” ar Champainíl Choláiste na Tríonóide le téip chun a chur in iúl don Choláiste go gcaithfidh rochtain ar an nGaeilge a bheith mar phríomhthosaíocht acu. In éineacht leis an ngníomh, seoladh litir chuig an bPropast maidir le roinnt ábhar a bhain leis an saol laethúil trí Ghaeilge chomh maith le tuairisc chuig Roinn na nEastát agus na Saoráidí de chuid an Choláiste ar theip Choláiste na Tríonóide cloí go hiomlán leis na rialacháin um chomharthaíocht, stáiseanóireacht, agus taifeadtaí fuaime in Acht na dTeangacha, 2003[1].
Mar chomhlacht poiblí laistigh den Stát, tá dualgas ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, roinnt dualgas a leagtar amach sa reachtaíocht a chomhlíonadh, eadhon
- Go mbeadh na comharthaí ar fad i nGaeilge (Bhí an spriocdháta deiridh maidir leis seo in 2013)
- Go n-áireofaí ar gach stáiseanóireacht an leagan de lógó an Choláiste ina bhfuil an dá theanga ar comhchéim le chéile (bhí an spriocdháta deiridh maidir leis seo in 2013)
- Go mbeadh gach fógra taifeadta béil i nGaeilge (Bhí an spriocdháta deiridh maidir leis seo in 2013)
- Go bhfreagrófaí gach comhfhreagras leictreonach a fhaightear i nGaeilge sa teanga chéanna lena n-áirítear ríomhphoist agus teachtaireachtaí meán sóisialta
- Go mbeadh 20% d’fhógraíocht Choláiste na Tríonóide i nGaeilge agus go mbeadh 5% den chaiteachas fógraíochta le caitheamh ar na meáin Ghaeilge.
- Go mbeadh leibhéal B2 (idirmheánach uachtarach) Gaeilge ag 20% d’fhoireann Choláiste na Tríonóide faoi 2030 mar chomhlacht poiblí.
- Go mbeadh leibhéal B2 sa Ghaeilge ag 20% de na hearcaigh ar fad chuig an státseirbhís, earcaigh a fhaigheann oideachas i gColáiste na Tríonóide
I bhfianaise liosta na n-oibleagáidí atá ag dul i méid ar chomhlachtaí poiblí chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú mar theanga chumarsáide laethúil inmharthana i ngach earnáil, d’iarr AMLCT ar an gColáiste roinnt uaireanta breis maoinithe a chur ar fáil d’Oifig na Gaeilge, atá, in ainneoin a díchill, gann ar fhoireann agus ar acmhainní agus gan ach oifigeach lánaimseartha amháin ag obair i gcúinne d’oifig an Rúnaí. Is oifig iomlán cheart í a macasamhail i COBÁC le ceathrar fostaithe go lánaimseartha chun comhlíonadh na reachtaíochta a chinntiú agus ardán a chur ar fáil don teanga chun fás laistigh den ollscoil. Soiléiríodh sa Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, a foilsíodh le déanaí, gurb ionann inniúlacht seirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus leibhéal B2 nó meánleibhéal uachtarach a bheith ag duine sa teanga. Tá impleachtaí ollmhóra aige sin agus dearbhaíonn sé go gcaithfidh Choláiste na Tríonóide iompú ina ollscoil atá fíordhátheangach i ngach gné. Ina ainneoin sin, áfach, níl aon choimitmint feicthe ag AMLCT go dtí seo ina thaobh sin agus táimid ag éirí níos buartha gur cuma le Coláiste na Tríonóide faoina gcuid dualgas i leith na teanga mar ó mhí Iúil 2024 i leith, fiú, tá freagraí i mBéarla faighte ag mic léinn a sheol ríomhphoist i nGaeilge ó shé rannóg Choláiste ar a laghad, rud a sháraíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go díreach.
Éilíonn AMLCT agus mic léinn Choláiste na Tríonóide, a vótáil go láidir i reifreann le déanaí le bua 90% nach bhfacthas roimhe, ar son comhstádas iomlán don Ghaeilge agus oifigeach lánaimseartha chun í a chur chun cinn in Aontas na Mac Léinn, go ndéanfadh Coláiste na Tríonóide beart láithreach chun todhchaí na Gaeilge ar ár gcampas a chinntiú trí mhéadú faoi thrí ar an maoiniú reatha d’Oifig na Gaeilge agus oifigeach aistriúcháin lánaimseartha agus oifigeach pleanála teanga acadúil a fhostú chun an reachtaíocht a chomhlíonadh i gceart. Éilímid Plean Gnímh Gaeilge ón gColáiste agus tagairt dhíreach do leathnú na hoifige thuasluaite i bPlean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide 2025-2029, atá le teacht. Mar a léirigh gníomh an lae inniu, táimid diongbháilte ar an gceist seo agus ní stopfaimid den abhcóideacht go dtiocfar ar réitigh.
Teagmhálaithe:
- Pádraig Mac Brádaigh, Oifigeach na Gaeilge, 089 488-8693 [email protected]
- Jenny Maguire, Uachtarán AMLCT, 087 341 210 [email protected]
- En la mañana del 1 de noviembre 2024, el Sindicato de Estudiantes de Trinity (AMLCT) colocó una gran pancarta que preguntaba «¿Dónde está el irlandés?» en el campanario del Trinity College con una cinta para informar al colegio que el acceso al idioma irlandés debe ser su principal prioridad. Junto con la acción, se envió una carta al rector sobre una serie de asuntos relacionados con la vida diaria en irlandés, así como un informe al Departamento de Propiedades e Instalaciones del College de que Trinity College no había cumplido plenamente con las regulaciones relativas a la señalización. papelería y grabaciones sonoras en la Ley de Idiomas de 2003.